Press Release

Fógraíodh Cistiú de €50,000 d’Fhorbairt Slatiascaireachta i Lár na Tíre

PREASEISIÚINT 13/8/14

Fógraíodh Cistiú de €50,000 d’Fhorbairt Slatiascaireachta i Lár na Tíre

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Joe McHugh T.D., inniu (13.08.14) go mbainfidh clubanna agus eagraíochtaí slatiascaireachta i Lár na Tíre tairbhe as an gCiste Forbartha Iascaigh Lár Tíre de luach €50,000 a bhunaigh Iascach Intíre Éireann (IIÉ) níos luaithe i mbliana.

Is léiriú ar chomh maith is a d'éirigh leis an scéim thrialach anuraidh gur bheartaigh Iascach Intíre Eireann leanúint ar aghaidh léi i mbliana.  Tríd an scéim, is féidir le clubanna agus eagraíochtaí slatiascaireachta maoiniú a fháil chun tabhairt faoi fhorbairt inbhuanaithe. Cruthaíodh an ciste seo le deonacháin a bailíodh ón Ioncam Ceadúnais a fuair IIÉ i gceantar ceadúnais an Ghrúpa Iascaigh Lár Tíre.

Fuarthas iarratais i mí an Mheithimh i bliana ó chlubanna agus eagraíochtaí eagsúla i ndobharcheantair na hIarmhí,  Ros Comáin, Uíbh Fhailí agus an Chabháin. Leis na tionscadail a bhainfidh tairbhe as an gciste, cuirfear feabhas ar rochtain shlatiascairí ar iascaigh agus ar phointí rochtana, déanfar seastáin iascaireachta nua a bhunú agus a fhorbairt, agus tabharfar aghaidh ar speicis ionracha. Tá tairbhe bainte cheana ag clubanna slatiascaireachta agus grupaí eile ón gciste seo agus tá tionscadail ar tí tosnú ar Loch Síleann, Loch Gleoire, Loch Ainninn, Loch Dairbhreach agus ar abhainn na Suca.

Dúirt an tAire Joe McHugh “Is leis na scéimeanna cistithe inbhuanaithe seo, ar nós an gCiste Forbartha Iascaigh Lár Tíre, a thugtar cumhacht do shlatiascairí agus do phobail agus is féidir leo tairbhe mhór a bhaint astu.  Go bunúsach, is airgead é a bailíodh sa cheantar as díolachán ceadúnais agus cuirtear an t-airgead sin ar ais sna dobharcheantair, rud a mhéadaíonn ioncam sa phobal agus a chruthaíonn poist – airgead a bailíodh sa cheantar ag fanacht sa cheantar”. Tá sonraí uile an Chiste Forbartha Iascaigh Lár Tíre le fáil ar shuíomh idirlín Iascach Intíre Éireann ag: http://www.fisheriesireland.ie/Angling-Information/midland-fisheries-fund.html.

...CRÍOCH...

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le:

Suzanne Campion, IFI, Tel: 052 6180055 / 0872690183

Nóta do na hEagarthóirí:

Is comhlacht reachtúil é Iascach Intíre Éireann (IIÉ) a fheidhmíonn  faoi choimirce na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (RCFAN) agus bunaíodh é ar an 1 Iúil 2010 faoin Acht um Iascach Intíre, 2010. Is é príomhfheidhm IIÉ ná acmhainn na n-iascach intíre a chosaint agus a chaomhnú. Déanfaidh IIÉ  caomhnú, cosaint, bainistiú, margaíocht, forbairt agus feabhsú na n-iascach intíre, lena n-áirítear an tslatiascaireacht farraige, a chur chun cinn agus a éascú, tacú leo agus comhairle a thabhairt don Aire ina leith, chomh maith le comhairle a thabhairt don Aire i leith beartas agus straitéisí náisiúnta i ndáil le hiascaigh intíre agus slatiascaireacht farraige.