Cora Áth an Choite: próiseas tairisceana ar bun le sainchomhairleoirí a cheapadh

Fógra Poiblí

Mar an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as éisc in aibhneacha, an Mhaoilchearn ina measc, tá Iascach Intíre Éireann tar éis cáipéisí tairisceana a fhoilsiú ar láithreán gréasáin eTenders an Rialtais i dtaca le Tionscadal Pasáiste Iasc Áth an Choite. 

Is éard is aidhm leis an bpróiseas tairisceana ná gnólacht comhairliúcháin a cheapadh le tuarascáil roghanna a ullmhú maidir le hoibreacha feabhsúcháin ar an bpasáiste iasc ag Cora Áth an Choite i Luimneach.  

Caithfear gach cúinse timpeallachta agus innealtóireachta atá ann ar an láithreán, taobh thuas agus taobh thíos den chora araon, a chur san áireamh sa tuarascáil roghanna. 

Moltar d’aon duine a bhfuil suim aige sa phróiseas tairisceana seo clárú ar láithreán gréasáin eTenders, áit a mbeidh sé in ann teacht ar na cáipéisí go léir a bhaineann leis an bpróiseas, lena n-áirítear an cháipéis scóipe agus na riachtanais seirbhíse.  

TABHAIR DO D’AIRE: Is é 5 i.n., an 14 Márta 2023 an spriocdháta le tairiscintí a chur isteach agus ní féidir é a dhéanamh ach trí láithreán gréasáin eTenders amháin. 

Mar atá sonraithe sna cáipéisí tairisceana, beidh an tuarascáil roghanna bunaithe ar roinnt suirbhéanna timpeallachta agus teicniúla, ina n-úsáidfear maitrís chinnidh agus maitrís chinnidh páirtithe leasmhara. Ansin cuirfidh na sainchomhairleoirí ceaptha a rogha tosaíochta i láthair le haghaidh oibreacha feabhsúcháin ar an bpasáiste iasc ag Cora Áth an Choite.  

Beidh ar na sainchomhairleoirí freastal ar chruinnithe tionscadail agus ar chruinnithe comhairliúcháin phoiblí lena gcuid torthaí a léiriú do pháirtithe leasmhara. 

Tar éis cheadú na rogha tosaíochta, beidh ar na sainchomhairleoirí dearadh, ríomhanna agus líníochtaí a ullmhú i dtaca leis an rogha tosaíochta.  

Seolfar iad sin chuig an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Oifig na nOibreacha Poiblí le ceadúnais a fháil agus lena bhfaomhadh.  

Beidh ar na sainchomhairleoirí iarratas pleanála a ullmhú do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maidir leis an rogha tosaíochta. 

Faoi réir cead pleanála a bheith deonaithe, beidh ar na sainchomhairleoirí líníochtaí tógála agus cáipéisí tairisceana a ullmhú ag féachaint le cuideachta foirgníochta a fhostú.   

Beidh orthu cabhrú le hIascach Intíre Éireann sa phróiseas measúnaithe tairiscintí chomh maith. 

Beidh ar na sainchomhairleoirí maoirseacht a dhéanamh ansin ar chéim tógála na rogha tosaíochta agus a n-ainm a chur leis an tionscadal nuair a bheidh sé críochnaithe. 

Leis na cáipéisí iomlána tairisceana a íoslódáil, cláraigh ar láithreán gréasáin eTenders an Rialtais.  

 

 

Latest Notices