Suas le €1 mhilliún ar fáil anois i gcomhair caomhnú iascaigh

Fógra Poiblí

Tá glao maoinithe suas le €1 mhilliún seolta ag Iascach Intíre Éireann chun tacú le tionscadail ríthábhachtacha chaomhnaithe ar fud na tíre tríd an gCiste Athshlánúcháin, Caomhnaithe agus Cosanta Bradán agus Breac Geal.

Ó 2016 i leith, tá níos mó ná €6 mhilliún de dheontais bronnta ar bhreis agus 280 tionscadal ar fud na tíre faoi scéimeanna maoinithe éagsúla, arna n-oibriú ag Iascach Intíre Éireann.

As seo go dtí an 16 Nollaig, tá cuireadh á thabhairt do chlubanna slatiascaireachta, d'úinéirí iascaigh agus do pháirtithe leasmhara incháilithe eile a spéis a chur in iúl maidir le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun tacú le caomhnú iascaigh tríd an scéim 'Gnáthóga agus Caomhnú' de chuid Iascaigh Intíre Éireann.

Tabharfar tús áite do thionscadail a dhíríonn ar athshlánú agus caomhnú gnáthóg, amhail gnáthóga abhann damáistithe a athshlánú, cáilíocht an uisce a fheabhsú, agus cabhrú le héisc bacainní fisiciúla a shárú, amhail coraí.

I scéimeanna den chineál céanna in 2022, ceadaíodh maoiniú €1,123,000 san iomlán do 35 tionscadal gnáthóg agus caomhnaithe lonnaithe i mBaile Átha Cliath, An Cabhán, Cill Mhantáin, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, An Iarmhí, Liatroim, Loch Garman, Lú, Luimneach, Maigh Eo, An Mhí agus Muineachán.

Dúirt Suzanne Campion, Ceannasaí Forbartha Gnó in Iascach Intíre Éireann, go bhfuil fócas na scéime ar speicis éisc agus a ngnáthóga a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Dúirt sí: "Ó 2016 i leith, tá thart ar 29 ciliméadar d'oibreacha cothabhála insrutha agus 37 ciliméadar d'oibreacha athchóirithe gnáthóg déanta ag tionscadail faoin gCiste Gnáthóg agus Caomhnaithe. Chomh maith leis sin, tá 83 ciliméadar de ghnáthóga scéachtana agus iasclainne déanta níos inrochtana do speicis éisc imirceacha, trí chúig thionscadal pasáiste éisc. Faoin Scéim Gnáthóg agus Caomhnaithe, atá ar fáil a bhuí le ceadúnais iascaireachta agus ioncam ó na ceadúnais, is féidir le grúpaí iarratas a dhéanamh anois ar dheontais chun tionscadail agus bearta a mhaoiniú in 2023 chun leanúint leis an obair ríthábhachtach thimpeallachta seo.”

Chomh maith leis an maoiniú €1 mhilliún atá ar fáil tríd an gCiste Athshlánúcháin, Caomhnaithe agus Cosanta Bradán agus Breac Geal, tá suas le €50,000 ar fáil tríd an gCiste Iascaigh Lár Tíre.

Tá treoir eolais faoin nglao maoinithe ar fáil lena híoslódáil. Mar chuid den phróiseas dhá chéim, ní mór do gach iarratasóir iarratas 'Léiriú Suime' a chomhlánú ar dtús ar thairseach bainistíochta deontas ar líne Iascach Intíre Éireann roimh 5:30 p.m., Dé hAoine, an 16 Nollaig 2022.

.

Funding call guide 2024
(4.04 MB)

Tar éis léirithe spéise a bheith comhlánaithe, beifear in ann iarratais iomlána a bheidh ag teacht le cuspóirí an chiste a chur isteach tríd an tairseach bainistíochta deontas ar líne go dtí 5:30 p.m., Dé hAoine, an 27 Eanáir 2023.

funding 2023

Glao Maoinithe Gnáthóg agus Caomhnaithe 2023

Is éard atá i nglao maoinithe 2023 ná dhá scéim atá bunaithe ar ranníocaíochtaí ó slatiascairí leis an dá chiste.

Ciste Athshlánaithe, Caomhnaithe agus Cosanta Bradán agus Breac Geal (CACCBBG) (MAOINIÚ AR FÁIL: SUAS LE €1 mhilliún)

Is é aidhm an chiste seo ná Bradáin agus Bric Gheala agus a ngnáthóga a athshlánú, a chosaint agus a chaomhnú. I mbliana, ní bheidh maoiniú ar fáil ach amháin do thionscadail athshlánaithe agus caomhnaithe gnáthóg (m.sh., feabhsú pasáiste éisc, feabhsú sceite, cosaint srutha agus bruacha, fálú, speicis ionracha a bhaint agus a rialú, srl.).

Ciste Iascaigh Lár Tíre (CILT) (MAOINIÚ AR FÁIL: SUAS LE €50,000)

Díríonn an scéim seo ar oibreacha forbartha inbhuanaithe sa limistéar ceada iascaigh lár tíre. Cuirtear an ciste ar fáil le cuid den ioncam a fhaightear ó cheadúnais a dhíol le haghaidh limistéar ceadúnais an Ghrúpa Iascaigh Lár Tíre. Na tionscadail a bheidh incháilithe chun tacaíocht a fháil, feabhsóidh siad gnáthóga éisc ar bhealach inbhuanaithe (m.sh., feabhsú gnáthóg, rialú speiceas coimhthíoch srl).   

Incháilitheacht chun iarratas a dhéanamh

Gintear cúnamh airgeadais faoin gCiste Athshlánúcháin, Caomhnaithe agus Cosanta Bradán agus Breac Geal trí cheadúnais slatiascaireachta bradán agus breac geal agus ceadúnais iascaireachta tráchtála in Éirinn a dhíol. Maoinítear an Ciste Iascaigh Lár Tíre le cuid den ioncam a fhaightear ó cheadúnais a dhíol le haghaidh limistéar ceadúnais an Ghrúpa Iascaigh Lár Tíre. Le bheith incháilithe, ní mór d'iarratasóirí ar an CACCBBG ceadúnas slatiascaireachta bailí bradán agus breac geal a bheith ceannaithe acu nó rátaí iascaigh a bheith íoctha acu, nó i gcás an CILT, ceadúnas reatha ón nGrúpa Iascaigh Lár Tíre a bheith acu. 

Dátaí Tábhachtacha

Beidh na hamlínte seo a leanas i bhfeidhm go deireadh ghlao 2023:

  • Ní mór léirithe spéise a chríochnú ar líne roimh 5:30 p.m., Dé hAoine, an 16 Nollaig 2022
  • Ní mór iarratais iomlána a chur isteach ar líne chuig Iascach Intíre Éireann roimh 5:30 p.m., Dé hAoine, an 27 Eanáir 2023
  • Is i mí na Bealtaine 2023 a fhógróidh Iascach Intíre Éireann na torthaí.
Funding call guide 2024
(4.04 MB)
funding 2023

Latest Notices

tags
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí