Ceadúnais Bradán agus Breac Geal do 2023: Ar Díol Anois!

Fógra Poiblí

Ar mhaith leat ceadúnas bradán nó breac geal a cheannach don bhliain 2023? Is féidir leat ceann a cheannach anois trí shiopa ar líne Iascach Intíre Éireann.  Beidh ceadúnais chrua ar fáil ó dháileoirí ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn. 

Níl aon ardú tagtha ar phraghsanna na gCeadúnas Slatiascaireachta/Slaite le haghaidh Bradán agus Bric Gheala do 2023 agus tá seacht gcineál ceadúnais éagsúla ann. Is iad sin:

Cineál Ceadúnais

Praghas 

Cur síos

A: Ceadúnas Bliantúil

€100

Ceadúnas bliantúil é seo do shéasúr 2023 a thabharfaidh an ceart duit iascaireacht bradán agus breac geal a dhéanamh i ngach Ceantar Iascaigh.

B: Ceadúnas Ceantair

€64

Tabharfaidh an Ceadúnas Ceantair an ceart duit iascaireacht bradán agus breac geal a dhéanamh i gCeantar Iascaigh amháin i rith shéasúr 2023.

P: Ceadúnas Óige

€10

Don slatiascaire óg faoi bhun 18 mbliana d’aois atá an Ceadúnas Óige. Tabharfaidh sé an ceart duit iascaireacht bradán agus breac geal a dhéanamh i ngach Ceantar Iascaigh i rith shéasúr 2023.

R: Ceadúnas 21 Lá

€50

Tabharfaidh an ceadúnas seo an ceart duit iascaireacht bradán agus breac geal a dhéanamh i ngach Ceantar Iascaigh ar 21 lá i ndiaidh a chéile le linn shéasúr 2023.

S: Ceadúnas Lae

€36

Tabharfaidh an ceadúnas seo an ceart duit iascaireacht bradán agus breac geal a dhéanamh i ngach Ceantar Iascaigh ar lá amháin.

W: Síneadh ar Cheadúnas Cheantar an Fheabhail

€84

Tabharfaidh ‘an Síneadh ar Cheadúnas Cheantar an Fheabhail’ an ceart duit iascaireacht bradán agus breac geal a dhéanamh i ngach Ceantar Iascaigh i bPoblacht na hÉireann.  Bíodh sin mar atá, le Síneadh ar Cheadúnas Cheantar an Fheabhail a fháil ó Iascach Intíre Éireann, caithfidh tú ceadúnas bailí ‘Adult Game Season’ nó ceadúnas bailí ‘Adult Game Endorsement’ a bheith agat cheana féin ó Ghníomhaireacht na Lochanna.

X: Ceadúnas Áitiúil Speisialta

€26

Ceadúnas áitiúil speisialta é seo atá ag teastáil le hiascaireacht breac geal a dhéanamh in Inbhear na hÉirne

Is iad an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a fhaomhann na praghsanna le haghaidh ceadúnais slatiascaireachta/slaite in Éirinn de bhun moladh ó bhord Iascach Intíre Éireann. Seo iad na praghsanna a ghearrfaidh Iascach Intíre Éireann as na ceadúnais slatiascaireachta/slaite go léir le haghaidh shéasúr 2023.

An raibh a fhios agat? Téann 50% de na táillí ceadúnais go díreach isteach sa Chiste Gnáthóg agus Caomhnaithe chun airgead a chur ar fáil d’fheabhsú gnáthóg bradán agus breac geal, do chaomhnú iascaigh agus do ghníomhaíochtaí cosanta anseo in Éirinn.  Ó 2016 i leith, tá níos mó ná €6 mhilliún de dheontais bronnta ar bhreis agus 280 tionscadal ar fud na tíre faoi scéimeanna maoinithe éagsúla de chuid Iascach Intíre Éireann.

Le do Cheadúnas Bradán agus Breac Geal don bhliain 2023 a cheannach anois, téigh chuig siopa ar líne Iascach Intíre Éireann

 

Latest Notices

tags
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí