An Clár Urraíochta

Fógra Poiblí

Ó 2012 i leith, tá cuireadh á thabhairt ag Iascach Intíre Éireann do chlubanna slatiascaireachta agus d’eagraíochtaí turasóireachta cur isteach ar thacaíocht urraíochta d’fhonn a chinntiú go reáchtáiltear go binn imeachtaí agus tionscnaimh éagsúla a bhaineann leis an tslatiascaireacht; d’fhéadfadh tacaíocht de chineál ar bith a bheith i gceist leis sin, cúnamh airgid, tacaíocht foirne nó trealamh ar iasacht, cuir i gcás.

Is iad príomh‑aidhmeanna Chlár Urraíochta Iascach Intíre Éireann go traidisiúnta ná 1) slatiascairí óga agus nua a mhealladh isteach le cur le líon na ndaoine atá páirteach i saol na slatiascaireachta, agus2) an leas is mó a bhaint as iascaigh fhiáine na hÉireann mar ionaid den chéad scoth le haghaidh comórtais inbhuanaithe slatiascaireachta, bídís ar scála measartha nó mór, rud a chuirfidh leis an tairbhe a bhaintear as an turasóireacht inbhuanaithe i réigiúin tuaithe agus a chuirfidh síneadh leis an séasúr turasóireachta. 

Cuireann an Clár Urraíochta ar chumas ár bpáirtithe leasmhara deonacha comórtais slatiascaireachta agus imeachtaí cóitseála a reáchtáil ar na caighdeáin ghairmiúla is airde agus cabhraíonn leo ag an am céanna an t‑ualach airgid a bhaineann lena leithéid d’imeachtaí a sheasamh. Ina theannta sin, cuireann an Clár Urraíochta na daoine siúd a eagraíonn comórtais mhóra ar a suaimhneas go reáchtálfar a n‑imeachtaí de réir na gcaighdeán is airde bithshlándála agus maoirseachta gairmiúla dá bhfuil ann de bharr na tacaíochta a gheobhaidh siad ó fhoireann Iascach Intíre Éireann, i gcás go n‑iarrfar a leithéid. Cuireann sé cúnamh airgeadais ar fáil chomh maith lena chinntiú go n‑éireoidh go hiontach le himeachtaí móra mar sin.

 

Group of winners pictured at the 2022 Rosslare Small Boats Festival, sponsored by Inland Fisheries Ireland

Más mian le do chlub nó le d’eagraíocht cur isteach ar thacaíocht ó Chlár Urraíochta Iascach Intíre Éireann in 2023, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh anseo.

Latest Notices