Fodhlí Náisiúnta maidir le hÚsáid Gléasanna Taifeadta chun críocha Fhorfheidhmiú an Dlí Iascaigh Intíre

Public Consultation
Sunday, 01/12/2024 - 9:00am

This public consultation opens on Sunday, 01/12/2024 at 9:00am and closes on Tuesday, 31/12/2024 at 5:00pm

Tá aighneachtaí á lorg ag Iascach Intíre Éireann i ndáil le togra le fodhlí náisiúnta a thabhairt isteach maidir le húsáid gléasanna taifeadta ag Daoine Údaraithe chun críocha cionta faoi na hAchtanna Iascaigh a dhíspreagadh, a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh; pionóis choiriúla a fhorghníomhú faoi na hAchtanna Iascaigh; agus a chuid oifigeach agus a sláinte agus sábháilteacht a chosaint.

Tá cóip den dréacht‑fhodhlí atá beartaithe ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal in oifigí réigiúnacha Iascach Intíre Éireann agus ar líne ag https://www.fisheriesireland.ie. 

Is féidir le haon duine ar mian leis tuairimí a thabhairt faoin bhfodhlí atá beartaithe aighneachtaí a dhéanamh roimh 5 i.n., an 31 Nollaig 2024, tríd an ríomhphost chuig 

recordingdevicesconsultation@fisheriesireland.ie nó chuig an seoladh thíos:-

An Comhairliúchán maidir le Gléasanna Taifeadta
Iascach Intíre Éireann 
Teach Sunnyside 
Maigh Chromtha
Co. Chorcaí
P12 X602
 

Draft Byelaw: National Byelaw for the Use of Recording Devices for Inland Fisheries Law Enforcement Purposes
(99.85 KB)