Iarratais ar Cheadúnais Dreideála Oisrí do 2023

Fógra Poiblí

Ní mór d'iascairí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Cheadúnais Dreideála Oisrí do shéasúr 2023 iarratas a dhéanamh ar an bhfoirm oifigiúil chuig an Oifig Ceantair Abhantraí ábhartha roimh 12.00 meán lae Dé Luain an 5ú Nollaig 2022.

Tá an nós imeachta agus an fhoirm iarratais oifigiúil le fáil le híoslódáil ag: https://www.fisheriesireland.ie/services/public-services/oyster-dredge-licences

Ní mór d'iarratasóirí an fhoirm iarratais a chomhlánú go hiomlán agus a chinntiú go gcuirfear aon fhaisnéis ábhartha a chabhróidh le hIascach Intíre Éireann measúnú a dhéanamh ar a n-iarratas a chur isteach leis an iarratas. Caithfidh an táille ceadúnais ábhartha do 2023, €94, a bheith in éineacht leis an iarratas. Déanfar an táille a aisíoc ina iomláine leis na hiarratasóirí nach n-éireoidh leo. Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil leis an bhfoirm iarratais.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil freisin ó Cheannoifig Iascach Intíre Éireann; 3044 Céide an Locha, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Baile Átha Cliath 24, D24 Y265 - (01) 8842600 clúdaithe 9.00 - 5.00 Luan - Aoine nó Iascach Intíre Éireann, Teach Breac, Oileán an Iarla, Gaillimh, H91 E2A2, teileafón (091) 563118 (fág teachtaireacht le do thoil) nó ó aon Oifig Réigiúnach Iascach Intíre Éireann.

Latest Notices