Feirm éisc nua-aimseartha le forbairt

Fógra Poiblí

Tá sé beartaithe ag Iascach Intíre Éireann a bpleananna a chur chun cinn le feirm éisc nua-aimseartha a fhorbairt i dTiobraid Árann, a bheidh bunaithe ar Chóras an Dobharshaothraithe Athshruthaithigh (nó ‘RAS’ mar is fearr aithne air i mBéarla). 

Tá fógra réamhfhaisnéise curtha acu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (OJEU).

I Ros Cré, Co. Thiobraid Árann a bheidh an fheirm éisc nua lonnaithe agus is gearr go dtosófar ar an obair leis an tionscadal a dhearadh agus le cead pleanála a fháil ina leith. Táthar ag súil go dtosóidh an fheirm éisc nua ag feidhmiú in 2026.  

Idir an dá linn, tá Iascach Intíre Éireann ag súil nach mbeidh aon athrú ar na hoibríochtaí feirme éisc atá acu faoi láthair agus go leanfaidh siad orthu ag soláthar bric dhonna agus bric dhea-dhathacha dá gcuid páirtithe leasmhara i saol na slatiascaireachta.

Aon ghnólachtaí nó daoine aonair a bhfuil suim acu sa phróiseas soláthair phoiblí seo, is féidir leo clárú le tuairiscí chun dáta a fháil tríd an ríomhphost ar láithreán gréasáin eTenders. Ardán tairisceana leictreonaí Rialtas na hÉireann is ea é sin agus is í an Oifig um Sholáthar Rialtais atá ina bhun. Is é www.eTenders.gov.ie seoladh an láithreáin gréasáin.

Latest Notices

tags
Fógra Poiblí
state fishing rights
Fógra Poiblí