Ár gCairt Custaiméirí nua - nocht do thuairim!
Tá Iascach Intíre Éireann ag obair ar Chairt agus Plean Gníomhaíochta Custaiméirí nua le haghaidh na tréimhse ó 2023 go 2025. Is éard is Cairt Custaiméirí ann ná ráiteas gairid maidir leis an leibhéal seirbhíse ar féidir leat a bheith ag súil leis ó ghníomhaireacht stáit. Táimid ag déanamh athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta faoi láthair ar an gcairt custaiméirí a bhí againn cheana agus ba mhaith linn fáilte a chur roimh do chuid aiseolais agus moltaí.
![Customer charter](/sites/default/files/styles/square/public/2022-11/customer-charter-graphic.png?h=1ec03e3f&itok=WFyk3sfg)
Cabhróidh do chuid tuairimí go mór linn bonn eolais a chur faoin gCairt Custaiméirí nua. Mar sin, glac cúpla nóiméad leis an suirbhé gairid a chomhlánú agus bíodh do chead cainte agat! Ní thógfaidh sé ach 5-10 nóiméad ort.
Dúnfar an suirbhé ag 9 i.n., Dé Luain, an 5 Nollaig 2022.
Go raibh maith agat as do thacaíocht!