81 abhainn ar oscailt i gcomhair na Slatiascaireachta Bradán in 2023

Fógra Poiblí

Tá an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD, tar éis reachtaíocht a cheadú lena rialófar na hiascaigh bradán fiáin agus breac geal in 2023. Dé Domhnaigh, an 1 Eanáir 2023 a thiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Ryan: “Beidh 81 abhainn ar oscailt i gcomhair na hiascaireachta bradán agus breac geal in 2023. Éascófar bainistiú cúramach na hacmhainne nádúrtha tábhachtaí seo ar an gcaoi sin, acmhainn ar ina leith a bhfuil an caomhnú agus an inbhuanaitheacht ar na clocha is mó ar ár bpaidrín. Beidh 48 ceann de na haibhneacha ar oscailt go hiomlán, agus beidh 33 ceann eile ar oscailt i gcomhair na slatiascaireachta ‘gabhála agus scaoilte’. Beidh na feabhsuithe ginearálta ar na stoic ó 2022 mar an gcéanna in 2023. Mar sin féin, caithfimid go léir coinneáil orainn ag cur le chéile le go bhfeicfimid feabhas ar na stoic i ngach uile abhainn le himeacht ama. Braitheann na stoic féin go huile is go hiomlán ar na hiarrachtaí a dhéanaimidne le tabhairt faoi na tionchair chomhshaoil, aeráide agus bhithéagsúlachta a raibh an duine daonna taobh thiar díobh.”

Le tacú leis an reachtaíocht do 2023, fuair an tAire Ryan comhairle bhainistíochta ó Iascach Intíre Éireann maidir le breis agus 140 stoc bradán fiáin atá indibhidiúil go géiniteach in Éirinn, rud a bhí bunaithe ar mheasúnuithe eolaíocha ar leith. Déanann an Sainghrúpa Teicniúil ar an mBradán (TEGOS) na measúnuithe gach bliain – grúpa eolaíoch neamhspleách uile-oileáin atá comhdhéanta de shaineolaithe ó raon comhlachtaí.

Rinne Iascach Intíre Éireann amach na nithe seo a leanas, le tacaíocht ón Sainghrúpa: cé acu de na stoic ar leith a bhí ag leibhéal sásúil os cionn na teorann caomhnaithe ar leith go bhféadfaí iad a oscailt i gcomhair na hiascaireachta; cé na haibhneacha nach raibh a stoic os cionn na teorann ach a bhí ag leibhéal leordhóthanach den teorainn go bhféadfaí iad a oscailt i gcomhair na slatiascaireachta ‘gabhála agus scaoilte’; agus cé na haibhneacha a bhí a stoic ag leibhéal chomh híseal sin nach mbeadh aon dul as ach iad a dhúnadh go hiomlán.

Is éard atá sa teorainn chaomhnaithe ná líon na n-iasc sceite fásta a bhíonn ag teastáil le stoc sláintiúil inbhuanaithe a choinneáil i ngach abhainn ar leith. Is í cáilíocht an uisce an phríomh-shaincheist a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi leis na stoic a mhéadú. Níl cáilíocht an uisce ag leibhéal ard go leor i roinnt mhaith dár gcuid aibhneacha le tacú le stoic inbhuanaithe. Is iad gníomhaíochtaí talmhaíochta is cúis leis sin go minic, chomh maith le cóireáil neamhleor ar fhuíolluisce, ach ní a oiread céanna.

Cuireadh comhairle na bliana seo ar fáil freisin mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí reachtúil inar lorgaíodh aighneachtaí i scríbhinn ó pháirtithe leasmhara (lena n-áirítear na hearnálacha iascaireachta áineasa agus tráchtála agus an earnáil comhshaoil) maidir leis na dréachtrialacháin.

Is é an chomhairle bhainistíochta atá bunaithe ar na measúnuithe a rinne an Sainghrúpa ar aibhneacha/inbhir/chuanta ná:

  • Go mbeidh 48 abhainn ar oscailt toisc gur aithníodh go bhfuil barrachas inbhuanaithe sna haibhneacha sin;
  • Go mbeidh 33 abhainn aicmithe mar aibhneacha atá ar oscailt i gcomhair na slatiascaireachta ‘gabhála agus scaoilte’;
  • Go mbeidh 66 abhainn dúnta toisc nach bhfuil barrachas inbhuanaithe iontu.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Ryan chomh maith: “Tá Éire aitheanta go hidirnáisiúnta le fada an lá as an mbéim a leagaimid ar an gcaomhnú mar chuid ríthábhachtach den chur chuige a nglacaimid i leith acmhainn luachmhar na mbradán a bhainistiú. Cé go bhfuil ag éirí go maith leis an mbeartas bainistíochta sin le breis agus deich mbliana anuas, bhreathnaigh mo Roinn in 2022 ar a éifeachtaí atá an beartas sin agus an chaoi a gcuirtear chun feidhme é. Tá sé beartaithe agam, mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar bheartas iascaigh intíre atá ar siúl faoi láthair, roghanna feabhsúcháin a leagan amach. Feabhsúcháin iad sin a bheidh dírithe ar ár réimeas bainistíochta, áit a dtabharfar tús áite anois don chaomhnú, agus ar na ceanglais cheadúnaithe a nuachóiriú, ag féachaint lena chinntiú go mbeidh fáil ar an acmhainn ach ar chuntar go mbeidh na riachtanais chaomhnaithe agus bhithéagsúlachta sásaithe ar dtús.”

rods and reels

Eolas breise:

Tá fodhlíthe iascaigh intíre 2022 le fáil ag: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/4753d-inland-fisheries-bye-laws-2022/.

Na Rialacháin um Scéim Clibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal (Leasú), I.R. Uimh. 685 de 2022:

 Foráiltear leis na rialacháin seo na cuótaí iasc is ceadmhach a ghabháil trí innill iascaireachta tráchtála agus trí shlat agus dorú ó na haibhneacha siúd a shonraítear i Sceideal 2 de na rialacháin. Foráiltear leo freisin d’úsáid clibeanna donna in aibhneacha áirithe a shonraítear i Sceideal 4.

Fodhlí Slatiascaireachta Uimh. 996, 2022:

Toirmisctear leis an bhfodhlí seo úsáid gach duáin éisc seachas duán singil nó dúbailte gan frídín, agus toirmisctear freisin úsáid péisteanna mar bhaoite sa tslatiascaireacht le haghaidh gach speicis éisc sna huiscí a shonraítear san fhodhlí.  Déantar é sin chun úsáid duán agus baoite a sheachaint nach mbíonn fabhrach do mhaireachtáil na n-iasc agus d’fhonn a áirithiú nach dtéitear salach ar chuspóir na hiascaireachta gabhála agus scaoilte.

 Fodhlí Uimh. 997, 2022, Caomhnú na mBradán agus na mBreac Geal (Teorainneacha Gabhála):

Foráiltear leis an bhfodhlí seo do theorainn ghabhála bhliantúil deich n-iasc, is bradán nó breac geal (os cionn 40 ceintiméadar), in aghaidh an tslatiascaire agus foráiltear do theorainn ghabhála shéasúrach trí iasc sa tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 11 Bealtaine, do theorainn ghabhála laethúil trí iasc sa tréimhse idir an 12 Bealtaine agus an 31 Lúnasa agus do theorainn ghabhála laethúil aon iasc amháin sa tréimhse idir an 1 Meán Fómhair agus deireadh an tséasúir. Foráiltear leis an bhfodhlí freisin d’úsáid duán singil nó dúbailte gan frídín agus toirmisctear úsáid péisteanna mar bhaoite a luaithe a bheidh an líon sonraithe iasc gafa sna tréimhsí sonraithe.

Fodhlí Uimh. 998, 2022, Caomhnú na mBradán agus na mBreac Geal (Gabháil agus Scaoileadh):

 Foráiltear leis an bhfodhlí seo don iascaireacht ‘gabhála agus scaoilte’ i leith bradán agus bric gheala (os cionn 40 ceintiméadar) in aibhneacha a bhfuil ar a laghad 50% dá dTeorainn Chaomhnaithe á comhlíonadh de réir mar a luaitear san fhodhlí. Foráiltear leis an bhfodhlí freisin d’úsáid duán singil nó dúbailte gan frídín agus toirmisctear úsáid péisteanna mar bhaoite sa tslatiascaireacht bradán agus breac geal os cionn 40 ceintiméadar.

Fodhlí Uimh. 999, 2022, Caomhnú na mBradán agus na mBreac Geal (An tSiúir):

 Foráiltear leis an bhfodhlí seo don tslatiascaireacht ‘gabhála agus scaoilte’ i leith bradán (méid ar bith) agus bric gheala (os cionn 40 ceintiméadar) sa tSiúir (lena n-áirítear uiscí na Clóidí, an Loinneáin agus na hAbhann Duibhe) agus toirmisctear freisin úsáid péisteanna, cloicheán, séaclaí nó crústach de chineál ar bith, nó foirmeacha saorga díobh, mar bhaoite agus gach duán éisc seachas duán singil nó dúbailte gan frídín i rith na tréimhse ón 17 Márta go dtí an 30 Meán Fómhair.

Fodhlí Uimh. 1000, 2022, Caomhnú na mBradán agus na mBreac Geal (An tSláine):

 Síntear leis an bhfodhlí seo an séasúr coiscthe bliantúil maidir leis an tslatiascaireacht bradán, breac geal agus breac donn sa tSláine agus a fo-aibhneacha ón 1 Meán Fómhair go dtí an 16 Márta i mbliain ar bith. Foráiltear leis an bhfodhlí freisin d’úsáid cuileog saorga amháin le duán singil nó dúbailte gan frídín taobh thuas de Dhroichead an Iarnróid, Inis Córthaidh, agus foráiltear d’úsáid duán singil gan frídín agus do thoirmisc ar phéisteanna mar bhaoite taobh thíos de Dhroichead an Iarnróid, nuair atáthar i mbun slatiascaireacht bradán nó breac geal (méid ar bith).

Fodhlí Uimh. 1001, 2022, Caomhnú na mBreac Geal:

Foráiltear leis an bhfodhlí seo do theorainn ghabhála laethúil trí bhreac gheala (níos lú ná 40 ceintiméadar ar fad) agus d’úsáid duán singil nó dúbailte gan frídín, agus toirmisctear úsáid péisteanna mar bhaoite a luaithe a bheidh an líon sonraithe breac geal gafa.

Fodhlí Uimh. C.S. 333, 2022, Caomhnú na mBradán agus na mBreac Geal (Aibhneacha Dúnta):

 Toirmisctear leis seo bradáin agus bric gheala (os cionn 40 ceintiméadar) a thógáil le slat agus dorú nó iarracht a dhéanamh iad a thógáil amhlaidh sna haibhneacha a shonraítear san fhodhlí

Latest Notices